top of page

Folúntas: Post mar Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe



Tuilleadh Eolais


Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag An Bruach Thoir CTR.

 

Is é An Bruach Thoir CTR atá freagrach as an bplean teanga do Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Oirthear Chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil beagnach cúig bliana fágtha air. Is é aidhm an phlean cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT agus is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.  Tá an plean teanga don LPT le fáil ar https://www.bruachthoir.com/

 

Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh sí/sé fostaithe ag An Bruach Thoir CTR agus freagrach don cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.

 

Beidh 37 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Tá scála tuarastail ó €36,450 agus €51,750 (ag braith ar thaithí) ag gabháil leis an bpost, chomh maith le deis a bheith rannpháirteach i scéim phinsin.

 

Duine cumasach, spleodrach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis na tréithe seo a leanas:

 

Critéir riachtanacha

  • Duine spleodrach, atá spreagtha go láidir le haidhmeanna phlean teanga An Bhruaigh Thoir a chur i gcrích

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa

  • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus i bplé le coistí/struchtúir phobail

 

Critéir a chuirfeadh leis an iarratas

  • Duine le scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta

  • Duine féinspreagtha, atá go maith in ann a bheith ag obair ina n-aonar, agus a spriocanna féin a leagan amac

  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar

  • Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal

  • Cumas caidrimh láidir a chothú le pobal An Bhruaigh Thoir

  • In ann nascadh le comhghleacaithe i gceantair eile, chun foghlaim óna chéile, agus comhoibriú a dhéanamh

  • Tiomantas le himeachtaí a phleanáil agus a reáchtáil agus feachtais a chur ar bun a ghríosóidh agus a spreagfaidh pobal An Bhruaigh Thoir

  • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais

  • Beidh an té a cheapfar lonnaithe i Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionloch

 

San iarratas, bíodh na 3 dhoiciméad seo a leanas:

  1. Litir iarratais (aon leathanach amháin), ag cur síos ar an gcaoi go gcomhlíonann tú na critéir thuas

  2. CV

  3. Sonraí teagmhála do  bheirt mholtóirí

 

Seoltar iarratas chuig: anbruachthoir@gmail.com (bíodh ‘Iarratas poist’ mar ábhar-líne ar do r-phoist)

Spriocdháta iarratais: 17:00 ar an 11 Samhain 2024. Eolas Breise: anbruachthoir@gmail.com nó 086 3444 945



Plean Teanga Gaeltacht Oirthear na Gaillimhe.

Cliceáil ar an mbosca thíos chun cóip a fháil






Commentaires


Seol teachtaireacht chugainn/Send us a message!

GRMMA /Thank you

© 2035 by Train of Thoughts. Powered and secured by Wix

bottom of page