Bursary for students from An Bruach Thoir of secondary school age to attend an Irish language summer course in the Gaelacht.
Scoláireachtaí: Coláistí Samhraidh Gaeltachta, 2024
(Grant to attend an Irish Language Summer College)
Luach: €600.
Spriochdháta: Aoine, 16 Feabhra, 2024.
Tá An Bruach Thoir ag tairiscint scoláireachtaí Gaeltachta le freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh i 2024. Tá na scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí scoile idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d’aois, a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhruach Thoir (Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe). €600 is ea luach na scoláireachta (le cur i dtreo chostas na dtáillí).
Déanfar na hiarratasóirí a roghnú i gcrannchur oscailte i lár mhí an Mhárta, 2024. Bronnfar 3 Scoláireacht ar a laghad, agus íocfar an liúntas tar éis don dalta táillí an chúrsa a íoc agus tar éis dóibh tosú ar an gcúrsa. Rachfar i dteagmháil go díreach leis na buaiteoirí amháin. Cuirfear fógra ginearálta in airde ar ár suíomh idirlín, sna meáin agus ar na meáin shóisialta ag cur in iúl go bhfuil an crannchur thart agus chun na buaiteoirí a fhógairt.
Ba chóir dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa scéim seo an fhoirm iarratais, atá thíos faoi seo, a líonadh isteach agus a sheoladh chuig an mBruach Thoir roimh: Dé hAoine 16 Feabhra, 2023
Tuilleadh eolais ón Oifigeach Pleanala Teanga, Micheál Mac Aoidh.
Ríomphost: anbruachthoir@gmail.com
Uimhir Theileafóin: 087 1195091
Is féidir an Fhoirm Iarratais agus an Fhoirm Eolais a íoslódáil thíos:
***********************
Scholarship to attend Coláistí Samhraidh, 2024:
Amount of Award: €600.
Closing date: Friday 16 February, 2024
An Bruach Thoir are offering scholarships for secondary school students from to attend a Coláiste Samhraidh in the Gaeltacht in 2024. This opportunity is available to secondary school students betwee 10 and 18 years of age who reside in the Galway City East Gaeltacht. €600 is the amount of the award.
Successful candidates will be chosen by lottery. At least 3 scholarships will be made available and the award will be paid after the student registers and pays the fees to the Irish College.
If you are interested in this scheme, fill in the application form and send it to An Bruach before Friday 16 Februrary, 2024
Further information from Micheál Mac Aoidh at the contact details below.
Email: anbruachthoir@gmail.com
Telephone number: 087 1195091
Download the Information leaflet and the appliacation Form below:
Comments