top of page

Cuireadh chun tairsceana

     




                                    

Taifead ar na cainteoirí dúchasacha i nGaeltacht Oirthear na Gailimhe agus i nGaeltacht an Eachréidh.


Céim a dó: Eagarthóireacht & cur i láthair

 

Cúlra

Le linn 2023/2024, rinne An Bruach Thoir agus Gaeltacht an Eachréidh taifead ar 20 chainteoirí dúchais as Gaeltacht Oirthear na Gailimhe agus Gaeltacht an Eachréidh. Ta thart ar 25 uair a chloig de bunábhar ar thaifead.

 

An Tairscint

Chuige sin, tá as Gaeltacht Oirthear na Gailimhe agus Gaeltacht an Eachréidh ag lorg iarratais do sheirbhísí eagarthóireachta & iar-léiriúcháin.

 

Cuspóirí

Ag seo thíos, tá príomhchuspóirí an chonartha, a mhairfidh ó mí Iúil, 2024 go mí an Mheithimh 20245:

  • An taifead a chur i bhfoirm digití ionad go mbeidh sé slán agus ionas gur féidir an pobal leas a bhaint as.

  • Mír amháin de gach cainteoir a chur ar fáil ar féidir a chur i láthair an phobail (le teideal agus mar sin de).

  • Mír 20 nóiméad de na cainteoirí dúchasacha a chur ar fáil

  • Míreanna gearra a chur ar fáil ar féidir húsáid ar ardáin shóisialta, mar mhír thaispeántais nó ag ócaidí poiblí.

 

Riachtanas

·       Gaeilge líofa, idir labhairt agus scríobh.

·       Eolas ar saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

·       Taithí a bheith ag obair in earnáil closamhairc nó cumarsáide na Gaeilge/Gaeltachta.

 

 

Buiséad

Cur san áireamh nach bhfuil muid ag forbairt clár teilifíse nó clár faisnéise. Ní taifead ar chaighdeán craolacháin atá i gceist ach an oiread. Is tionscadail taighde é. Mar sin, tá buiséad teoranta i gceist.

 

 

An t-Iarratas

Má tá suim agat sa tairiscint seo, iarrtar ort iarratas scríofa a sheoladh chuig An Bruach Thoir (f/ch Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionloch, Gaillimh, H91 CPKY) roimhe an 5.00i.n. Dé hAoine, 31 Bealtaine, 2024 leis an t-eolas seo a leanas san áireamh:

 

  •   Taithí Oibre cuí: Saineolas.

  •    Costas Measta

 

 

Le tuilleadh eolais a fhail, déan teagmháil linn ag anbruachthoir@gmail.com nó 087 1195091

Comments


Commenting has been turned off.

Seol teachtaireacht chugainn/Send us a message!

GRMMA /Thank you

© 2035 by Train of Thoughts. Powered and secured by Wix

bottom of page